Scéim Forbartha TG4 ar Shraith Drámaíochta do Dhaoine Óga Fógartha

0
1153
TG4 Development Scheme for Young People's Drama Series Announced
TG4 Development Scheme for Young People's Drama Series Announced

TG4 ar thóir ‘Malcolm’ nó ‘Aifric’ nua

Tá TG4 ar thóir sraith Drámaíochta úrnua do Dhaoine Óga agus iad ag lorg suim ó léiritheoirí neamhspleácha chun a leithéid a chur ar fáil dóibh. Teastaíonn sraith ó TG4 a bheadh mealltach don óige, mar a bhí ‘Aifric’, ‘The Middle’ & ‘Malcolm in the Middle’ roimhe seo. 

Chuige sin, tá scéim bunaithe ag TG4, an ciste WRAPÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Fís Éireann,chun forbairt a dhéanamh ar shraith drámaíochta sé go hocht gclár leath uair an chloig, i nGaeilge do Dhaoine Óga. Beidh sé dírithe ar dhaoine ó ocht mbliana d’aois suas agus é tarraingteach do lucht féachana teaghlaigh.

Beidh buiséad de suas le €1.2 milliún ag an tionscnamh a léireofar agus a chraolfar ar TG4. Cliar óg go príomha a bheidh le feiceáil sa tsraith, ach beidh carachtair fásta, tarraingteach á fhorbairt freisin chun lucht féachana leathan teaghlaigh a mhealladh. 

Roghnóidh painéal de mheasúnóirí ó TG4, Ciste WrapBAI & Fís Éireann trí thionscnamh le forbairt ar dtús.  Tabharfar maoiniú do na comhlachtaí a roghnaítear chun na tionscnaimh a fhorbairt agus cuirfear buiséad suas le €25,000 ar fáil do gach tionscnamh.  

Ag deireadh na tréimhse forbartha, roghnófar ceann do na tionscnaimh agus cuirfear iarratas ar thacaíocht dó sin chun cinn chuig an chéad bhabhta cuí eile den chiste Fís agus Fuaim de chuid an BAI.

Deir Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4Mary Ellen Ní Chualáin“Tá géarghá le drámaíocht do dhaoine óga agus tá bís orainn i TG4 go dtiocfaidh sraith shiamsúil, cliar láidir agus cláir den chéad scoth as an scéim nua seo. Tá muid go mór faoi chomaoin ag na maoinitheoirí eile atá ag tacú leis an bplean”.

Ag labhairt dó inniu faoin bhfógra, deir Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireannTionscadal iontach atá anseo chun borradh a chur faoi léiriúcháin nua do Dhaoine Óga. Tá sceitimíní ar Údarás Craolacháin na hÉireann a bheith mar chuid den chomhpháirtíocht seo chun cláir nua i nGaeilge, ar ardchaighdeán, a fhorbairt, mar chuid den tiomantas atá againn ábhar ilghnéitheach, oiriúnach d’ár gcultúr a sholáthar do lucht féachana na hÉireann. Tá muid ag tnúth go mór leis an iarratas deiridh a chuirfear os ár gcomhair don scéim Fís & Fuaim”.

Dar le James Hickey, Príomhfheidhmeannach, Fís ÉireannTá sé iontach tábhachtach a chinntiú go mbeidh seans ag páistí drámaíocht i nGaeilge, atá déanta go speisialta dóibh, a fheiceáil agus cuidíonn sin leo dul i ngleic leis an teanga ar bhealach a léiríonn a gcuid scéalta féin agus an ghlúin dar díobh iad, ar an scáileán. Tá ríméad orainn a bheith ag tacú leis an scéim lenar gcomhpháirtithe, rud a chuideoidh chun gníomhaíocht léiriúcháin a spreagadh in Iarthar na hÉireann”.

Deir Sarah Dillon, Bainisteoir Forbartha WRAP“Tá áthas ar WRAP ardán a thabhairt do dhaoine cumasacha áitiúla lena scéalta as Gaeilge a insint do dhaoine óga. Is sampla den scoth é freisin de chomhoibriú ar leith idir TG4WRAPFís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireannTá WRAP dírithe ar rath agus fás na dtionscal scáileáin san Iarthar a thiomáint trí thacaíocht straitéiseach spriocdhírithe le cúnamh ónár bpáirtithe leasmhara, Coimisiún Forbartha an IarthairIonad Scannán na Gaillimhe, na seacht n-údarás áitiúla agus Údarás na Gaeltachta”.

Is é an sprioc-am d’iarratais ná Dé hAoine, 16ú Lúnasa, 2019 ag 3pm.  Fógrófar na cinntí faoin 2ú Meán Fómhair, 2019. 

Tá sonraí na scéime ar fad le fáil ag: https://www.tg4.ie/ga/leiriuchan/coimisiunu/